Tabharfaidh Pearse Doherty an chraobh leis gan stró dá laghad san Olltoghchán i nDún na nGall, de réir torthaí pobalbhreithe a rinneadh do TG4 sa dáilcheantar sin.
De réir na pobalbhreithe a rinne Ipsos MRBI do TG4, thiocfadh an tAire Oideachais Joe McHugh slán sa dara háit agus bheadh dhá shuíochán ag Sinn Féin i nDún na Gall.
De réir na dtorthaí, bheadh ar a laghad suíochán amháin ag Fianna Fáil agus bheadh sé ina chogadh dearg don suíochán deireanach idir duine de bheirt iarrthóirí an pháirtí sin agus an t-iarrthóir neamhspléach Thomas Pringle.
27% de vótaí céad rogha, nó cuóta go leith, a bheadh ag Doherty, urlabhraí airgeadais Shinn Féin, agus é go rábach chun cinn ar chách.
2020 | OT ‘16 | |
---|---|---|
Pearse Doherty – Sinn Féin | 27% | 14% |
Joe McHugh – Fine Gael | 17% | 11% |
Charlie McConalogue – Fianna Fáil | 12% | 17% |
Pádraig Mac Lochlainn – Sinn Féin | 12% | 8% |
Pat ‘The Cope’ Gallagher – Fianna Fáil | 10% | 14% |
Thomas Pringle – Neamhspleách | 6% | 8% |
John O’Donnell – Neamhspleách | 4% | |
Michael White – An Comhaontas Glas | 4% | |
Mary T Sweeney – Aontú | 3% | |
Martin Harley – Fine Gael | 3% | |
Peter Casey – Neamhspleách | 2% | |
Niall McConnell – Neamhspleách | 1% |
Bheadh Joe McHugh sa dara háit d’Fhine Gael agus 17%, de vótaí céad rogha aige, rud a thabharfadh an cuóta dó.
Má thagann an tuar faoin tairngreacht, bheadh an suíochán a chaill Pádraig Mac Lochlainn do Shinn Féin aige arís a bhuíochas d’fharasbarr Pearse Doherty.
Vóta Céad Rogha i nDún na nGall | |
---|---|
Sinn Féin | 38% |
Fine Gael | 20% |
Fianna Fáil | 22% |
Neamhspleách* | 19% |
(Comhaontas Glas agus Aontú san áireamh) |
De réir na pobalbhreithe, bheadh seans ag Fianna Fáil an dá shuíochán atá acu a choimeád ach vótaí aistrithe a shocróidh cá rachaidh an cúigiú suíochán.
31% de na vótaí céad rogha a bhí ag Fianna Fáil in olltoghchán 2016 ach 22% a bheadh ag beirt iarrthóirí an pháirtí sa chéad chomhaireamh an babhta seo más fíor don phobalbhreith. 12% atá ag Charlie McConalogue agus 10% atá ag Pat ‘the Cope’ Gallagher.
Díol suntais eile sa phobalbhreith ná a laghad tacaíocht a léiríodh do Peter Casey, an neamhspleách a tháinig sa dara háit i dtoghchán uachtaránachta na bliana seo caite. 2% a bhí ag Casey agus níl aon rian go fóill den Rabharta Glas i nDún nGall agus gan ach 4% ag iarrthóir Chomhaontas Glas, Michael White.
Rinneadh pobalbhreith TG4 Ipsos MRBI Dé Luain agus Dé Máirt na seachtaine seo agus ceistíodh 550 duine. Is é móide nó lúide 4% an lamháil earráide.
Ba iad na Teachtaí Dála a toghadh i nDún na nGall in 2016 ná Charlie McConalogue (FF) agus Pat ‘the Cope’ Gallagher (FF), Joe McHugh (FG), Pearse Doherty (SF) agus Thomas Pringle (NS).